Ceadúnas Idirghabhálaí Cian-Ghealltóireachta

Athnuachan bunaithe ar thuillimh bhliantúla choimisiúin

Ciallaíonn tuillimh bhliantúla choimisiúin am méid tuilleamh a fhaightear ón gcoimisiún a ghearrtar le daoine sa Stát in aon bhliain amháin. Ritheann an bhliain ó 1 Bealtaine go dtí 30 Aibreán sula dtagann an athnuachan chun bheith dlite ar 1 Iúil.

Má eisíodh do cheadúnas níos lú ná bliain ó shin, ritheann an tréimhse ón dáta eisiúna go dtí an 31 Bealtaine sula dtagann an athnuachan chun bheith dlite ar 1 Iúil.

Is éard is coimisiún gearrtha ná an méid a ghearrann Idirghabhálaí Cian-Ghealltóireachta ar dhaoine sa Stát as ucht a saoráidí a úsáid chun geallta a chur. Tá feidhm aige seo is cuma má ghearrtar an muirear trí asbhaint ó ghnóchain nó ar shlí eile.

Rátaí Dleachta Ceadúnais Iníoctha ar Cheadúnas Idirghabhálaí Cian-Ghealltóireachta a Athnuachan
Tuillimh Bhliantúla ChoimisiúinRátaí Dleachta

Níos lú ná €3 million

€10,000

Níos mó ná €3 milliún ach níos lú ná €4,500,000

€20,000

Níos mó ná €4,500,000 ach níos lú ná €6 milliún

€30,000

Níos mó ná €6 milliún ach níos lú ná €9 milliún

€40,000

Níos mó ná €9 milliún ach níos lú ná €12 milliún

€60,000

Níos mó ná €12 milliún ach níos lú ná €18 milliún

€80,000

Níos mó ná €18 milliún ach níos lú ná €24 milliún

€120,000

Níos mó ná €24 milliún ach níos lú ná €30 milliún

€160,000

Níos mó ná €30 milliún

€200,000

Ar aghaidh: Iarratasóirí chéad uaire neamhchónaitheacha ar cheadúnas