Ceadúnas Idirghabhálaí Cian-Ghealltóireachta

Deimhniú Oiriúnachta Pearsanta

Ní fhéadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim Ceadúnas Idirghabhálaí Cian-Ghealltóireachta a eisiúint ach amháin nuair atá Deimhniú (Deimhnithe) Oiriúnachta Pearsanta ag an iarratasóir. Is é an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais an comhlacht a bhfuil freagracht aige na deimhnithe seo a eisiúint.

Deimhníonn an deimhniú seo go bhfuil:

  • duine aonair
  • oifigeach cuí de chuid na Comhpháirtíochta nó an Chomhlachta Chorpraithe

ina dhuine oiriúnach agus cuí chun Ceadúnas Idirghabhálaí Cian-Ghealltóireachta a bheith aige nó aici.

Ní mór do gach oifigeach cuí deimhniú a fháil.

Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ó Oifig an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Ní mór duit iarratas ar cheadúnas a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim taobh istigh de 21 lá ó do dheimhniú (deimhnithe) a eisiúint.

Ar aghaidh: Athnuachan bunaithe ar thuillimh bhliantúla choimisiúin