Ceadúnas Idirghabhálaí Cian-Ghealltóireachta

An chéad iarratas ar Cheadúnas Idirghabhálaí Cian-Ghealltóireachta

Seol do Dheimhniú (Deimhnithe) Oiriúnachta Pearsanta chuig an Oifig Náisiúnta Ceadúnais Máil le d’Fhoirm Iarratais. Ní mór an t-iarratas a bheith sínithe ag na daoine seo:

  • an ceadúnaí, más trádálaí aonair atá ann
  • duine de na comhpháirtithe, más comhpháirtíocht atá ann
  • rúnaí na cuideachta nó ag stiúrthóir de chuid na cuideachta, i gcás cuideachta chorpraithe.

Nuair a bheidh d’iarratas próiseáilte ag na Coimisinéirí Ioncaim, eiseoidh muid Fógra um Iarratas Chéad Uaire chugatTugann an fógra seo cuireadh duit d’iarratas a chomhlánú agus do cheadúnas a íoc.

Tá sé riachtanach imréiteach cánach a bheith ag gach ceadúnaí. I gcás iarratas cuideachta, teastóidh imréiteach cánach a bheith ag an gcuideachta agus ag gach duine de na hoifigigh chuí ainmnithe ar an iarratas.

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seiceáil uathoibríoch ar do stádas imréitigh cánach roimh do cheadúnas a eisiúint.

Ar aghaidh: Athnuachan ar Cheadúnas Idirghabhálaí Cian-Ghealltóireachta