Ceadúnas Geallghlacadóra

Deimhniú um Oiriúnacht Phearsanta

Ní fhéadann na Coimisinéirí Ioncaim Ceadúnas Geallghlacadóra a eisiúint ach amháin nuair atá Deimhniú um Oiriúnacht Phearsanta ag an iarratasóir. Is é an Garda Síochána an comhlacht eisiúna do dheimhnithe den chineál sin do dhaoine a bhfuil cónaí orthu sa Stát.

Is é an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais an comhlacht eisiúna do dheimhnithe den chineál sin do dhaoine nach bhfuil cónaí orthu in Éirinn. 

Dearbhaítear an méid seo sa Deimhniú um Oiriúnacht Phearsanta:

  • go bhfuil duine aonair
  • nó 
  • go bhfuil oifigeach cuí de chuid na comhpháirtíochta nó an chomhlachta chorpraithe

ina d(h)uine oiriúnach agus cuí chun Ceadúnas Geallghlacadóra a bheith aige nó aici.

Ní mór do gach oifigeach cuí deimhniú a fháil.

Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ó Oifig an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Ní mór iarratas ar cheadúnas a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim taobh istigh de 21 lá ó do dheimhniú (deimhnithe) a eisiúint.

Ar aghaidh: Deimhniú um Oiriúnacht Áitribh