Dleacht Ghealltóireachta

Léargas ginearálta

Tá Dleacht Ghealltóireachta inmhuirir ar gach geall a chuireann daoine le geallghlacadóir ceadúnaithe ag áitreabh cláraithe an gheallghlacadóra. Tá an muirear seo dlite is cuma an chaoi a gcuirtear an geall.

Tá Cian-Gheallghlacadóirí Ceadúnaithe faoi dhliteanas na Dleachta Gealltóireachta i ndáil le haon gheallta a dhéantar le daoine sa Stát trí mheán cianda.

Tá Idirghabhálaithe Cian-Gheallghlacadóra Ceadúnaithe faoi dhliteanas Dleachta Idirghabhálaí Gealltóireachta ar choimisiún gearrtha acu ar dhaoine sa Stát.

Ar aghaidh: Céard is Dleacht Ghealltóireachta ann?