Ceadúnas Cearrbhachais
Léargas ginearálta
Iarrtar ar oibreoirí meaisíní cearrbhachais:
- Ceadúnas Cearrbhachais a choinneáil le haghaidh gach áitreabh ina bhfuil meaisíní cearrbhachais ar fáil le himirt
- ceadúnas a choinneáil le haghaidh gach meaisín cearrbhachais
- agus
- gach ceadúnas a bheith ar taispeáint go feiceálach ar an meaisín cearrbhachais.
Féadtar iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Cearrbhachais agus ar Cheadúnais Meaisíní Cearrbhachais chun bliain iomlán a chlúdach, nó ar feadh tréimhse trí mhí. Níl aon tréimhse ceadúnúcháin sheasta ann.
Ní fhéadann na Coimisinéirí Ioncaim Ceadúnais Meaisín Cearrbhachais a eisiúint ach amháin le linn tréimhse bhailíochta an Deimhnithe reatha Cúirte.
Coir atá ann meaisín cearrbhachais a oibriú faoi Chead do Mheaisín Siamsa. Tá an meaisín cearrbhachais faoi réir urghabhála agus tá an t-oibreoir faoi réir ionchúisimh.
Má tá meaisín cearrbhachais á oibriú agat, ní mór Ceadúnas Cearrbhachais a bheith agat.
Costas
Cineál an Cheadúnais | Dleacht Mháil |
Ceadúnas Cearrbhachais Bliantúil
|
€630
|
Ceadúnas Cearrbhachais trí mhí
|
€175
|
Ceadúnas Meaisín Cearrbhachais Bhliantúil
|
€505
|
Ceadúnas Meaisín Cearrbhachais trí mhí
|
€145
|
Ar aghaidh: Sainmhíniú ar mheaisín cearrbhachais