Ceadúnas do Mheaisín Siamsa

Léargas ginearálta

Éilítear ar oibreoir meaisín(í) siamsa Cead do Mheaisín Siamsa bliantúil a bheith acu.

Is ó 1 Iúil go 30 Meitheamh atá an bhliain ceadúnúcháin. An costas ar Chead do Mheaisín Siamsa ná €100 sa bhliain. 

Chomh maith le Cead do Mheaisín Siamsa, ní mór Ceadúnas do Mheaisín Siamsa a bheith ag gach meaisín siamsa.

Ní mór an Ceadúnas do Mheaisín Siamsa a bheith ar taispeáint go soiléir ar an meaisín.

Tá dhá chineál Ceadúnais do Mheaisín Siamsa ann:

  • ceadúnas bliantúil
  • ceadúnas ardséasúir (nach mó ná tréimhse trí mhí agus téann in éag ar 31 Lúnasa).  

Tá costas €125 ar gach Ceadúnas do Mheaisín Siamsa bliantúil.

Tá costas €38 ar gach Ceadúnas do Meaisín Siamsa ardséasúir.

Coir atá ann meaisín cearrbhachais a oibriú faoi Chead do Mheaisín Siamsa. Má tá meaisín cearrbhachais á oibriú agat, ní mór Ceadúnas Cearrbhachais a bheith agat. 

Ar aghaidh: Sainmhíniú ar mheaisín siamsa