Ceadúnas do Mheaisín Siamsa

Sainmhíniú ar mheaisín siamsa

Ní mór an méid seo a leanas uile a chomhlíonadh le go mbeidh meaisín ina mheaisín siamsa: 

  • Má tógadh nó má comhoiriúnaíodh é chun cluiche a imirt.
  • Má íocann an t-imreoir chun an meaisín a imirt, bíodh sé trí bhonn nó bonn dearbháin a chur isteach, nó ar bhealach eile.
  • Más é gníomh an mheaisín a chinneann toradh an chluiche, bíodh sé go ndéanann nó nach ndéanann an t-imreoir é a láimhseáil.
  • Mura dtugann an toradh ach:
    • deis an cluiche a imirt arís
    • duais neamh-airgid a bhuachan nach mó ná €7 i luach.

Ar aghaidh: An chéad iarratas ar Chead do Mheaisín Siamsa agus meaisíní