Ceadúnas do Mheaisín Siamsa

Meaisíní breise a chur leis le linn na bliana ceadúnúcháin

Féadfaidh sé gur mian leat meaisíní breise siamsa a oibriú le linn na bliana ceadúnúcháin. Más mian, ní mór duit an méid seo a leanas a thíolacadh Oifig Náisiúnta Ceadúnais Máil.

Ní mór an t-iarratas a bheith sínithe ag na daoine seo:

  • ag an gceadúnaí, más trádálaí aonair atá ann
  • ag duine de na comhpháirtithe, más comhpháirtíocht atá ann
  • ag rúnaí na cuideachta nó ag stiúrthóir de chuid na cuideachta, más cuideachta chorpraithe atá ann.

Nuair a bheidh d’iarratas próiseáilte ag na Coimisinéirí Ioncaim, seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim Fógra um Iarratas Chéad Uaire chugat. Iarrtar ort san fhógra seo d’iarratas a chomhlánú agus do cheadúnais a íoc.

Ar aghaidh: Cead do Mheaisín Siamsa a athnuachan agus meaisíní