Ceadúnas do Mheaisín Siamsa

Sceideal d'Áiteanna Poiblí

Éilítear ar oibreoirí meaisíní siamsa liosta de na meaisíní siamsa a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim. Is éard a thugtar ar an liosta seo ná Sceideal d’Áiteanna Poiblí.

Ní mór d’iarratasóirí an méid seo a leanas a lua:

  • seoladh iomlán gach láithreach ar a bhfuil meaisíní siamsa suite
  • agus
  • líon na meaisíní atá á n-oibriú ag gach láthair.

Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Náisiúnta Ceadúnais Máil agus Sceideal d’Áiteanna Poiblí nua a thíolacadh, sa chás:

  • go n-aistríonn tú meaisín siamsa go láthair nua
  • go méadaíonn tú nó má laghdaíonn tú líon na meaisíní atá n-oibriú ag aon láthair
  • go bhfuil tú ag déanamh iarratais ar do cheadúnas a athnuachan.

Ní ligeann an Cead do Mheaisíní Siamsa ach an meaisín/na meaisíní siamsa a oibriú ar láthair/láithreacha atá léirithe ar an sceideal.