Ceadúnas do Mheaisín Siamsa

Cead do Mheaisín Siamsa a athnuachan agus meaisíní

Seolfaidh an Oifig Náisiúnta Ceadúnais Máil fógra athnuachana chugat go luath i mí an Mheithimh gach bliain. Tugann an fógra seo cuireadh duit d’iarratas athnuachana a dhéanamh, do Schedule of Public Places a thíolacadh agus do cheadúnas a íoc.

Tá sé riachtanach imréiteach cánach a bheith ag gach ceadúnaí. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seiceáil uathoibríoch ar do stádas imréitigh cánach roimh do cheadúnas a eisiúint.

Ar aghaidh: Sceideal d'Áiteanna Poiblí