Ceadúnas do Mheaisín Siamsa

An chéad iarratas ar Chead do Mheaisín Siamsa agus meaisíní

Ba chóir duit do Schedule of Public Places a chur faoi bhráid na hOifige Náisiúnta Ceadúnais Máil in éineacht le Application Form chomhlánaithe.

Ní mór an t-iarratas a bheith sínithe ag na daoine seo:

  • ag an gceadúnaí, más trádálaí aonair atá ann
  • ag duine de na comhpháirtithe, más comhpháirtíocht atá ann
  • ag rúnaí na cuideachta nó ag stiúrthóir de chuid na cuideachta, más cuideachta chorpraithe atá ann.

Nuair atá d’iarratas próiseáilte ag na Coimisinéirí Ioncaim, eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim Fógra um Iarratas Chéad Uaire. Iarrtar ort san fhógra seo d’iarratas a chomhlánú  agus do cheadúnas a íoc.

Tá sé riachtanach imréiteach cánach a bheith ag gach ceadúnaí. 

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seiceáil uathoibríoch ar do stádas imréitigh cánach roimh do Chead do Mheaisín Siamsa a eisiúint.

Ar aghaidh: Meaisíní breise a chur leis le linn na bliana ceadúnúcháin