Ceadúnas Cearrbhachais

Ceadúnas Cearrbhachais agus Ceadúnas Meaisín Cearrbhachais a Athnuachan

Féadtar ceadúnais a thógtar amach chun tréimhse trí mhí a chlúdach a athnuachan suas go dtí an dáta éaga a shonraítear ar do Dheimhniú Cúirte.

Seolfaidh Oifig Náisiúnta na gCeadúnas Máilfógra um athnuachan chugat roimh dháta éaga do cheadúnais reatha. Tugann na fógraí seo cuireadh duit d’iarratais a chomhlánú agus do cheadúnais a íoc.

Tá sé riachtanach imréiteach cánach a bheith ag gach ceadúnaí. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seiceáil uathoibríoch ar do stádas imréitigh cánach roimh do cheadúnas cearrbhachais a eisiúint.

Ar aghaidh: Deimhniú Cúirte