Ceadúnas Tábhairneora

Costas na hathnuachana bunaithe ar láimhdeachas roimhe

Tabhair do d’aire

Ní chuirfear síneadh le hathnuachaintí Dleachta Máil ar ar-cheadúnais deochanna meisciúla a tharscaoileadh in 2022.

Tá an dleacht mháil ar athnuachan (lena n-áirítear aistriú) Ceadúnais Tábhairneora bunaithe ar láimhdeachas bliantúil an áitribh, lúide an láimhdeachas eisiata.

Is éard is láimhdeachas eisiata ann ná láimhdeachas nach mbaineann le díol alcóil ná nach dtagann aníos trí bhéilí a sholáthar.

Ba chóir go gcuirfí san áireamh láimhdeachas ó bhia mhionbhéile, deochanna neamhmheisciúla lena n-ól san áitreabh, táirgí tobac agus siamsaíocht.

Rátaí dleachta

Láimhdeachas BliantúilDleacht

Níos lú ná €190,500

€250.00

€190,500 go €380,999

€505.00

€381,000 go €634,999

€1,140.00

€635,000 go €952,499

€1,775.00

€952,500 go €1,269,999

€2,535.00

€1,270,000 nó níos mó

€3,805.00