Ceadúnas Tábhairneora
An chéad iarratas ar Cheadúnas Tábhairneora
Tabhair do d’aire
Ní chuirfear síneadh le hathnuachaintí Dleachta Máil ar ar-cheadúnais deochanna meisciúla a tharscaoileadh in 2022.
Ní mór duit do dheimhniú cúirte a chur faoi bhráid na hOifige Náisiúnta Ceadúnais Máil chomh maith leis an bhFoirm iarratais chomhlánaithe.
Ní mór an t-iarratas a bheith sínithe:
- ag an gceadúnaí, más trádálaí aonair atá ann
- ag duine de na comhpháirtithe, más comhpháirtíocht atá ann
- nó
- ag rúnaí na cuideachta nó ag stiúrthóir de chuid na cuideachta, i gcás cuideachta chorpraithe.
Nuair a bheidh d’iarratas próiseáilte ag na Coimisinéirí Ioncaim, eiseoidh muid Fógra um Iarratas Chéad Uaire chugat. Tugann an fógra seo cuireadh duit d’iarratas a chomhlánú agus do cheadúnas a íoc.
Tá sé riachtanach imréiteach cánach a bheith ag gach ceadúnaí agus i gcásanna áirithe:
Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seiceáil uathoibríoch ar do stádas imréitigh cánach roimh do cheadúnas a eisiúint.
Ar aghaidh: Ceadúnas Tábhairneora a athnuachan