Ceadúnas Tábhairneora

Deimhniú Cúirte

Ní fhéadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim Ceadúnas Tábhairneora nua a eisiúint ach amháin nuair a dheonaigh Cúirt deimhniú don iarratasóir. Ní gá d’iarratasóirí Deimhniú Cúirte a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim ag céim na hathnuachana, ach amháin:

  • má rinneadh agóid i gcoinne athnuachan an cheadúnais.
  • má tá an ceadúnas dulta i léig ar feadh bliain iomlán ceadúnúcháin.
  • má aistríodh an ceadúnas chuig trádálaí eile le linn na bliana ceadúnúcháin
  • má athraíodh limistéar ceadúnaithe mapáilte an áitribh cheadúnaithe.

Ní mór iarratais ar cheadúnais bunaithe ar dheimhnithe cúirte a dhéanamh laistigh de 12 mhí ó dháta eisiúna do dheimhniú cúirte.

Ar aghaidh: Costas na hathnuachana bunaithe ar láimhdeachas roimhe