Eis-Cheadúnas Miondíoltóra

Léargas ginearálta

Le hEis-Cheadúnas Miondíoltóra, ligtear alcól a dhíol i gcainníochtaí beaga i gcoimeádáin dhúnta lena n-ól ar shiúl ón áitreabh. Féadtar na hEis-Cheadúnais Miondíoltóra seo a leanas (a fhéadtar a choinneáil in éineacht le chéile leis an gCeadúnas Mórdhíoltóra) a choinneáil ina n-aonair nó le chéile:

  • Eis-Cheadúnas Miondíoltóra Fíona
  • Eis-Cheadúnas Miondíoltóra Beorach
  • Eis-Cheadúnas Miondíoltóra Biotáille
  • Eis-Cheadúnas Miondíoltóra Leanna Úll (ní theastaíonn sé seo má tá Eis-Cheadúnas Miondíoltóra Beorach ag an sealbhóir)
  • Eis-Cheadúnas Miondíoltóra Deochanna Meisciúla Milsithe (ní theastaíonn sé seo má tá Eis-Cheadúnas Miondíoltóra Fíona ag an sealbhóir).

Is ó 1 Deireadh Fómhair go 30 Meán Fómhair atá an tréimhse cheadúnúcháin. Rachaidh an ceadúnas seo in éag ar 30 Meán Fómhair gach bliain, is cuma an dáta eisiúna.

An costas atá ar gach ceadúnas ná €500.

Mar shampla, tá costas €500 ar Eis-Cheadúnas Miondíoltóra Fíona. Tá costas €1500 ar Eis-Cheadúnais Miondíoltóra Biotáille, Beorach agus Fíona a thabhairt le chéile.

Sa chás go dtugtar na hEis-Cheadúnais Miondíoltóra agus na Ceadúnais Mórdhíoltóra le chéile, rachaidh an tEis-Cheadúnas (na hEis-Cheadúnais) Miondíoltóra in éag ar an 30 Meitheamh.

Ar aghaidh: An chéad iarratas ar Eis-Cheadúnas Miondíoltóra