Eis-Cheadúnas Miondíoltóra

  1. Léargas ginearálta
  2. An chéad iarratas ar Eis-Cheadúnas Miondíoltóra
  3. Eis-Cheadúnas Miondíoltóra a athnuachan
  4. Deimhniú Cúirte

An chéad iarratas ar Eis-Cheadúnas Miondíoltóra

Cuir do dheimhniú cúirte faoi bhráid na hOifige Náisiúnta Ceadúnais Máil chomh maith leis an bhFoirm Iarratais chomhlánaithe.

Ní mór an t-iarratas a bheith sínithe ag na daoine seo:

  • ag an gceadúnaí, más trádálaí aonair atá ann
  • ag duine de na comhpháirtithe, más comhpháirtíocht atá ann
  • ag rúnaí na cuideachta nó ag stiúrthóir de chuid na cuideachta, i gcás cuideachta chorpraithe.

Nuair a bheidh d’iarratas próiseáilte ag na Coimisinéirí Ioncaim, eiseoidh muid Fógra um Iarratas Chéad Uaire chugat. Tugann an fógra seo cuireadh duit d’iarratas a chomhlánú agus do cheadúnas a íoc.

Tá sé riachtanach imréiteach cánach a bheith ag gach ceadúnaí agus i gcásanna áirithe:

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seiceáil uathoibríoch ar do stádas imréitigh cánach roimh do cheadúnas a eisiúint.

Ar aghaidh: Eis-Cheadúnas Miondíoltóra a athnuachan