Ceadúnas Mórdhíoltóra

Léargas ginearálta

Leis an gCeadúnas Mórdhíoltóra, tá an Ceadúnaí i dteideal alcól a dhíol i gcainníochtaí mórchoda.  Féadfaidh tú na Ceadúnais seo a leanas a choinneáil ina n-aonair nó le chéile (agus le chéile leis an Eis-Cheadúnas Miondíoltóra):

  • Mórdhíoltóir Beorach
  • Mórdhíoltóir Fíona
  • Mórdhíoltóir Biotáille
  • Mórdhíoltóir Biotáille Fíona
  • Mórdhíoltóir Deochanna Meisciúla Milsithe.

Is gá Deimhniú Cúirte a bheith ag an iarratasóir le haghaidh Ceadúnas Mórdhíoltóra Beorach.

Is ón 1 Iúil go 30 Meitheamh atá an tréimhse cheadúnúcháin. Rachaidh na ceadúnais seo in éag ar an 30 Meitheamh gach bliain, is cuma an dáta eisiúna.

An costas atá ar gach ceadúnas ná €500. Mar shampla, tá costas €500 ar Cheadúnas do Mhórdhíoltóir Beorach. Tá costas €1,000 ar Cheadúnas do Mhórdhíoltóir Beorach agus Biotáille.

Sa chás go bhfuil an ceadúnas Mórdhíoltóra agus na hEis-Cheadúnais Miondíoltóra tugtha le chéile agat, rachaidh an tEis-Cheadúnas/na hEis-Cheadúnais Miondíoltóra in éag ar an 30 Meitheamh.

Ar aghaidh: An chéad iarratas ar Cheadúnas Mórdhíoltóra