Ceadúnas Mórdhíoltóra

  1. Léargas ginearálta
  2. An chéad iarratas ar Cheadúnas Mórdhíoltóra
  3. Ceadúnas Mórdhíoltóra a Athnuachan
  4. Deimhniú Cúirte

An chéad iarratas ar Cheadúnas Mórdhíoltóra

Cuir d’Fhoirm Iarratais chomhlánaithe chuig an Oifig Naisiúnta Ceadúnais Máil.

Is gá Deimhniú Cúirte a bheith ag an iarratasóir le haghaidh iarratas Ceadúnais Mórdhíoltóra Beorach.

Ní mór an t-iarratas a bheith sínithe ag na daoine seo:

  • ag an gceadúnaí, más trádálaí aonair atá ann
  • ag duine de na comhpháirtithe, más comhpháirtíocht atá ann
  • ag rúnaí na cuideachta nó ag stiúrthóir de chuid na cuideachta i gcás cuideachta chorpraithe.

A luaithe agus a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim d’iarratas a phróiseáil, seolfar cóip lena cheadú chuig an oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ina bhfuil d’áitreabh lonnaithe. Eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim Fógra um Iarratas Chéad Uaire a bheidh faoi réir ceadú d’iarratas. Tugann an fógra seo cuireadh duit d’iarratas a chomhlánú agus do cheadúnas a íoc.

Tá sé riachtanach imréiteach cánach a bheith ag gach ceadúnaí agus i gcásanna áirithe:

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seiceáil uathoibríoch ar do stádas imréitigh cánach roimh do cheadúnas a eisiúint.

Ar aghaidh: Ceadúnas Mórdhíoltóra a Athnuachan