Ceadúnas Mórdhíoltóra

Deimhniú Cúirte

Ní fhéadann na Coimisinéirí Ioncaim Ceadúnas Mórdhíoltóra Beorach a eisiúint ach amháin nuair atá deimhniú deonaithe ag an gCúirt don iarratasóir. Ní gá d’iarratasóirí Deimhniú Cúirte a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim ag céim na hathnuachana, ach amháin:

  • Má rinneadh agóid i gcoinne athnuachan an cheadúnais.
  • Má tá an ceadúnas dulta i léig ar feadh bliain iomlán ceadúnúcháin.
  • Má aistríodh an ceadúnas chuig trádálaí eile le linn na bliana ceadúnúcháin.
  • Má athraíodh limistéar ceadúnaithe mapáilte an áitribh cheadúnaithe.

Ní mór gach Deimhniú Cúirte a bheith faighte ag na Coimisinéirí Ioncaim taobh istigh de 12 mhí ón dáta eisiúna.