Ceadúnais Speisialta Bialainne

Deimhniú Cúirte

Ní fhéadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim Ceadúnas Speisialta Bialainne nua a eisiúint ach amháin nuair a dheonaigh Cúirt deimhniú don iarratasóir.  Ní gá d’iarratasóirí Deimhniú Cúirte a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim ag céim na hathnuachana, ach amháin:

  • má rinneadh agóid i gcoinne athnuachan an cheadúnais.
  • má tá an ceadúnas dulta i léig ar feadh bliain iomlán ceadúnúcháin.
  • má aistríodh an ceadúnas chuig trádálaí eile le linn na bliana ceadúnúcháin.
  • má athraíodh limistéar ceadúnaithe mapáilte an áitribh cheadúnaithe.

Ní mór gach Deimhniú Cúirte a bheith faighte ag na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 12 mhí ón dáta eisiúna.