Ceadúnais Speisialta Bialainne

An chéad iarratas ar Cheadúnas Speisialta Bialainne

Cuir do Dheimhniú Cúirte faoi bhráid na hOifige Náisiúnta Ceadúnais Máil chomh maith leis an bhFoirm Iarratais chomhlánaithe.

Ní mór an t-iarratas a bheith sínithe ag na daoine seo:

  • ag an gceadúnaí, más trádálaí aonair atá ann
  • ag duine de na comhpháirtithe, más comhpháirtíocht atá ann
  • ag rúnaí na cuideachta nó ag stiúrthóir de chuid na cuideachta, i gcás cuideachta chorpraithe.

Nuair a bheidh d’iarratas próiseáilte ag na Coimisinéirí Ioncaim, eiseoidh muid Fógra um Iarratas Chéad Uaire chugat. Tugann an fógra seo cuireadh duit d’iarratas a chomhlánú agus do cheadúnas a íoc.

Tá sé riachtanach imréiteach cánach a bheith ag gach ceadúnaí, agus i gcásanna áirithe:

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seiceáil uathoibríoch ar do stádas imréitigh cánach roimh do cheadúnas a eisiúint.

Ar aghaidh: Iarratas athnuachana ar Cheadúnas Speisialta Bialainne