Ceadúnais Speisialta Bialainne

Léargas ginearálta

Tá sé i dteideal ag sealbhóir Ceadúnais Speisialta Bialainne gach cineál alcóil a dhíol lena ól ina mbialann. Ní fhéadann beár a bheith acu ar an áitreabh agus ní mór deochanna eile neamh-mheisciúla, uisce óil san áireamh, a bheith ar fáil.

Féadann an sealbhóir ceadúnais alcól a thabhairt:

  • sa láthair feithimh sa chás go bhfuil béile substaintiúil ordaithe ag an gcustaiméir
  • sa láthair itheacháin le linn an bhéile
  • agus
  • laistigh de 30 nóiméad tar éis dheireadh an bhéile.

Ní mór don sealbhóir ceadúnais íocaíocht a thógáil don alcól ag an tráth céanna leis an mbéile. 

Is ó 1 Deireadh Fómhair go 30 Meán Fómhair atá an bhliain cheadúnúcháin. Rachaidh an ceadúnas seo in éag ar 30 Meán Fómhair gach bliain, is cuma an dáta eisiúna.

An costas ar an gceadúnas seo ná €3,805 le haghaidh ceadúnas nua agus €500 ar a athnuachan.

Ar aghaidh: An chéad iarratas ar Cheadúnas Speisialta Bialainne