Cáin Ola Mianraí ar ola throm (díosal) a úsáidtear le haghaidh loingseoireacht áineasa príobháidí

Léargas ginearálta

Baineann sé seo le gach úinéir soithigh díosal-ghluaiste a úsáidtear le haghaidh loingseoireacht áineasa príobháidí. Folaíonn sé seo úinéirí a ligean soitheach amach ar cíos agus daoine a thógann iad amach ar cíos chun na críche sin.

Ón 01 Eanáir 2020, ní cheadaítear Ola Gáis Mharcáilte (MGO) a úsáid le haghaidh loingseoireacht áineasa príobháidí.

Roimhe seo, cheadaigh an dlí máil MGO a cheannaítear ag ráta laghdaithe Cánach Ola Mianraí (COM) a úsáid le haghaidh loingseoireacht áineasa príobháidí. Bhí an socrú seo faoi réir ag úinéirí soithigh tuairisceán bliantúil a thíolacadh i leith aon MGO a cheannaítear agus an difríocht idir an ráta MGO agus an ráta mótardhíosail a íoc.

D'athraigh an dlí i leith MGO úsáidte le haghaidh loingseoireacht áineasa príobháidí ar an 1 Eanáir 2020. Ón dáta seo ar aghaidh, tá cosc ar MGO a úsáid agus ní fhéadann d’úinéirí soitheach áineasa príobháidí ach mótardhíosal a úsáid mar bhreosla le haghaidh loingseoireacht áineasa príobháidí.

Is é cúlra an athraithe seo ná rialú (C-504/17) a rinne Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CJEU). I nDeireadh Fómhair 2018 fuair an CJEU gur sháraigh socruithe reatha na hÉireann an Treoir um Cháin ar Fhuinneamh agus an Treoir um Marcáil Breosla. Tugadh leasuithe ar an dlí máil isteach sa Bhille Airgeadais 2019.

Ar aghaidh: Céard is Loingseoireacht Áineasa Príobháidí ann?