Cáin Ola Mianraí ar ola throm (díosal) a úsáidtear le haghaidh loingseoireacht áineasa príobháidí

  1. Léargas ginearálta
  2. Céard is Loingseoireacht Áineasa Príobháidí ann?
  3. Céard is Ola Gáis Mharcáilte ann?
  4. Taifid

Céard is Loingseoireacht Áineasa Príobháidí ann?

Ciallaíonn loingseoireacht áineasa príobháidí úsáid a bhaint as soitheach le haghaidh loingseoireachta chun aon chríocha nach críocha tráchtála iad agus folaíonn sé aon soitheach a ligtear amach ar cíos chun críocha den chineál seo. Ní fholaíonn sé paisinéirí a iompar ar thurais mhara agus ar thurais eile áineasa ar a bhfuil an soitheach á oibriú ag oibreoir tráchtála a bhfuil a chriú ag obair ar an soitheach.

Ar aghaidh: Céard is Ola Gáis Mharcáilte ann?