Córas gnéithe inrianaitheachta agus slándála

Síneadh le táirgí 'Tobac Eile'

Ón 20 Bealtaine 2019, ceanglaítear ar gach toitín agus tobac rollta cloí leis an gcóras gnéithe inrianaitheachta agus slándála.

Ón 20 Bealtaine 2024, cuirfear síneadh leis na córais gnéithe inrianaitheachta agus slándála chun gach táirge 'tobac eile' a chlúdach.

Tagraíonn táirgí 'tobac eile' anseo do, ach níl siad teoranta do, na táirgí seo a leanas:

  • todóga
  • todóigíní
  • tobac píopa
  • tobac píopa uisce
  • táirgí tobac núíosach

Níl ar miondíoltóirí táirgí den chineál sin a dhíolann go díreach leis an bpobal agus nach ndéanann:

  • stóráíl
  • dáileadh
  • díol rialta le miondíoltóirí eile

 ach na hoibleagáidí atá ar fáil ar leathanach oibleagáide an mhiondíoltóra a chomhlíonadh.

Tá miondíoltóirí atá i mbun toitíní agus tobac rollta a dhíol faoi láthair chomh maith le táirgí 'tobac eile' ag cloí cheana féin le síneadh an chórais. Níl ar na miondíoltóirí den chineál sin ach a gcóid oibreora eacnamaíoch agus aitheantais áise a sholáthar dá soláthraithe táirgí 'tobac eile'.

Chun cloí lena ndualgais faoin gcóras inrianaitheachta, ba chóir do mhonaróirí, dáileoirí agus iompórtálaithe táirgí ‘tobac eile’ an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Cláraigh leis an ID issuer atá ceaptha d'Éirinn. 
  • Córas stóir phríomhúil a bhunú de réir Alt 26 Implementing Regulation (EU) 2018/574 trí chonradh stórála sonraí a thabhairt i gcrích le tríú páirtí neamhspleách.
  • Cinntigh go bhfuil an córas stóir comhoiriúnach leis an Eisitheoir UA  (ID Issuer) atá ceaptha d'Éirinn chun Aitheantóirí Uathúla a iarraidh agus a fháil de réir Alt 9 Implementing Regulation (EU) 2018/574.
  • De réir Alt15(7) Directive 2014/40/EU, cinntigh go mbeidh an trealamh riachtanach ag gach oibreoir eacnamaíoch a bhfuil baint acu le trádáil táirgí tobac (ón monaróir go dtí an t-oibreoir eacnamaíoch deireanach roimh an gcéad ionad miondíola) chun taifead a dhéanamh ar ghluaiseacht tobac.
  • Cinntigh go bhfuil gach oibreoir eacnamaíoch a bhfuil baint acu le trádáil táirgí tobac cláraithe leis an ID issuer atá ceaptha d'Éirinn.
  • agus
  • Cinntigh go bhfuil gné slándála ag gach táirge tobac. 

Le haghaidh tuilleadh eolas féach suíomh idirlín an European Commission.

Tá eolas anseo maidir leis na riachtanais gné slándála nuair atá sé ar fáil faoin gcluaisín Treoir Bhreise.