Córas gnéithe inrianaitheachta agus slándála

Gné slándála

Ón 20 Bealtaine 2019, ní mór gné shlándála a bheith ar na toitíní agus ar an tobac rollta uile a dhíoltar ar an margadh in Éirinn. Féadtar stampa cánach a eisíodh i gcomhlíontacht le hAlt 73 den Acht Airgeadais, 2005 a úsáid mar an ngné slándála.

I gcás toitíní agus tobac rollta nach bhfuil faoi réir stampála (lena n-áirítear iad siúd a díoladh saor ó dhleacht), ní mór do mhonaróirí nó d’easpórtálaithe an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cinntiú go bhfuil gné shlándála crioscaíldíonach ar na táirgí dá leithéid atá comhlíontach le hAirteagal 16 den Tobacco Products Directive (Directive 2014/40/EU)
  • agus
  • cead a lorg ó na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh gné shlándála den chineál sin.

Ón 20 Bealtaine 2024, leathnófar an riachtanas sin chun gach táirge tobac a chlúdach. Tá tuilleadh eolais maidir leis na riachtanais maidir leis an ngné slándála ar fáil faoin gcluaisín Treoir Bhreise.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach suíomh idirlín an Choimisiúin Eorpaigh.

Ar aghaidh: Síneadh le táirgí 'Tobac Eile'