Gnóthais chomhinfheistíochta

Cistí

Cistí Intíre

Is de réir an chórais cánach ‘rolladh ar aghaidh comhlán’ a ghearrtar cáin ar ghnóthais chomhinfheistíochta Éireannacha atá á n-údarú agus á rialú ag Banc Ceannais na hÉireann.

Den chuid is mó tá gnóthais infheistíochta díolmhaithe ó cháin a íoc ar na brabúis a dhéanann siad ar son a gcuid sealbhóirí aonaid. Ina áit sin, is éard a tharlaíonn ná go rollann na brabúis ar aghaidh laistigh den ghnóthas infheistíochta go dtí go dtarlaíonn ‘imeacht inmhuirir’. Asbhaineann an gnóthas infheistíochta cáin scoir nuair a tharlaíonn an imeacht inmhuirir. 

Tá díolúine ón gcáin scoir ag sealbhóirí áirithe aonaid, faoi réir nós imeachta um dhearbhú.

Cistí Eachtracha

Tá dhá chuid ar leith i gceist le cánachas cistí eischósta, ag brath ar an áit ina bhfuil an ciste eischósta lonnaithe:

  • Cistí eischósta lonnaithe in ait a bhfuil comhaontú cánach dúbailte aige. Folaíonn siad seo:
    • An tAontas Eorpach (AE)
    • Stát de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE)
    • Ballstát de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD).

Féach an treoirleabhar cánach ar chistí eischósta in Offshore Funds Manual chun tuilleadh eolais a fháil.

  • Cistí eischósta lonnaithe i gcríocha eile. Féach an treoirleabhar cánach ar chistí eischósta in Offshore Funds Manual chun tuilleadh eolais a fháil.

Cistí arna dTrádáil ar Mhalartán (ETF)

Is cineál gnóthais infheistíochta é Ciste arna dTrádáil ar Mhalartán (ETF). Toisc go ndéantar ETF a thrádáil ar stocmhalartán, ní fhéadtar cáin scoir a asbhaint ag an bhfoinse. Maidir leis an gcánachas a fheidhmítear ar ioncam a shaothraítear ó infheistíocht in ETF, braitheann an cánachas ar an áit a bhfuil sé sainchónaithe.

Cistí arna mbainistiú in Éirinn

De bhun Alt 747G den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, cinntítear an méid seo a leanas:

  • Aon Ghnóthas le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe (GCUI) arna chruthú ag Ballstát AE seachas Éire, ní bheidh sé inmhuirir i leith cánach in Éirinn. Tá sé seo amhlaidh de bhíthin amháin comhlacht bainistíochta a bheith ann atá údaraithe faoi dhlí na hÉireann.
  • Maidir le Cistí Infheistíochta Malartacha (CIM) a chruthaítear faoi dhlí dlínse seachas Éire, ní bheidh siad faoi dhliteanas cánach. Tá sé seo amhlaidh de bhíthin amháin bainisteoir a bheith ann atá údaraithe faoi dhlí na hÉireann.

Cinntítear chomh maith:

  • Caithfear mar shealbhóirí aonaid i gciste eischósta le haon infheisteoirí atá cónaitheach in Éirinn in ‘GCUI iomchuí’, agus
  • Caithfear mar shealbhóirí aonaid i gciste eischósta le haon infheisteoirí atá cónaitheach in Éirinn in ‘CIM iomchuí’.

Bainisteoirí Infheistíochta Rialaithe

I gcúinsí áirithe, féadtar breathnú ar an tuairisceán ar infheistíocht a shaothraíonn bainisteoir infheistíochta rialaithe mar ioncam trádála. Féach ar an treoirleabhar Tax and Duty Manual Part 02-01-02 le haghaidh sonraí ar na cásanna sonracha.

Cistí Eastát Réadach Éireannacha (CERÉ)

Is éard is Cistí CERÉ ann ná gnóthais chomhinfheistíochta ina ndíorthaítear 25% nó níos mó de luach na sócmhainní ón maoin.

Ar aghaidh: Comhchistí Conarthacha