Gnóthais chomhinfheistíochta

Léargas ginearálta

Iontaobhais Aonaid Dhíolmhaithe (EUTs)

Is éard is Iontaobhas Aonaid Díolmhaithe ann ná iontaobhas aonaid a aithnítear sa dlí cánach faoi Alt 731(5) den Acht Comhdhlúite Cánacha (ACC), 1997.

Go hiondúil, is mar Chistí Infheistíochta Malartacha faoin Acht um Iontaobhais Aonad, 1990 a údaraíonn Banc Ceannais na hÉireann iontaobhais aonaid.

Is iontaobhais aonad neamhúdaraithe iad Iontaobhais Aonad Díolmhaithe, de réir bhrí an Achta um Iontaobhais Aonad 1990. Tá sealbhóirí aonad EUT teoranta go docht do dhaoine atá díolmhaithe ó Cháin Ghnóchan Caipitiúil (CGC) (seachas de bharr cónaithe).

Tríd an meascán seo de bheith díolmhaithe ó CGC agus gan a bheith ina n-iontaobhas aonaid ‘údaraithe’, ní féidir le sealbhóirí aonad EUT a bheith ach ina gcistí pinsin áirithe agus le carthanais áirithe.

Ar aghaidh: Cistí