Clárú le haghaidh Colún a Dó
Sraith faisnéise maidir le clárúchán do Cholún a Dó
I measc rialacha Cholún a Dó tá Riail maidir le Cuimsiú Ioncaim (RCI) agus Riail maidir le hÍocaíochtaí Faoi Thearc-Cháin (RÍFTC). Ceadaíonn an riail do dhlínsí Cáin Bhreisiúcháin Náisiúnta Cháilithe (CBNC) a thabhairt isteach.
Cuireann Tax and Duty Manual Part 04A-01-01A treoir céim ar chéim ar fáil tríd an bpróiseas clárúcháin do Cholún a Dó. Chuir na Coimisinéirí Ioncaim sraith faisnéise sé fhiseán ar fáil freisin faoi conas clárúcháin do Cholún a Dó a bhainistiú.
Oibleagádí clárúcháin
Tugann an físeán seo léargas ar na hoibleagáidí clárúcháin do Cholún a Dó agus ar an bpróiseas clárúcháin.
Cineál eintitis ábhartha – Máthaireintiteas Deiridh (UPE)
Tugtar faisnéis sa bhfíseán seo do mháthaireintiteas deiridh atá ag clárú le haghaidh cáin bhreisiúcháin RCI, cáin bhreisiúcháin náisiúnta agus tuairisceán faisnéise cánach breisiúcháin.
Cineál eintitis ábhartha – Comheintiteas (CE)
Tugtar faisnéis sa bhfíseán seo do chomheintitis atá ag clárú le haghaidh cáin bhreisiúcháin náisiúnta agus tuairisceán faisnéise cánach breisiúcháin.
Grúpaí Ilmháithreacha
Tugtar faisnéis sa bhfíseán seo d'eintitis atá mar chuid de ghrúpa ilmháthar.
Sann an Ról Tíolactha TIR
Tugtar faisnéis sa bhfíseán seo ar conas ról tíolactha an Tuairisceáin Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR) a shannadh.
Róil agus grúpaí – grúpaí CBNC agus grúpaí UTPR
Díríonn an físeán ar conas grúpaí CBNC agus grúpaí UTPR a chur ar bun agus a bhainistiú.