Clárú le haghaidh Colún a Dó

An próiseas clárúcháin do Cholún a Dó

Ní mór d'eintitis atá faoi raon feidhme cháin Cholúin a Dó clárú don cháin seo trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Sreabhann próiseas clárúcháin cánach Cholúin a Dó i gcéimeanna.

Céim 1: Roghnaigh cánacha le haghaidh clárúchán Cholúin a Dó

Ag an gcéim seo, ní mór na cánacha Cholúin a Dó lena bhfuil an t-eintiteas ag clárú a roghnú.

Cuireann Alt 3.1 de Tax and Duty Manual Part 04A-01-01A treoir ar fáil tríd an gceím seo.

Céim 2: Roghnaigh an cineál eintitis ábhartha

Ag an gcéim seo, ní mór an cineál eintiteas ábhartha atá ag clárú don cháin Cholúin a Dó a roghnú. Tiocfaidh sreafaí próisis éagsúla chun cinn ag brath ar an gcineál eintiteas ábhartha a roghnaítear.

Cuireann Alt 3.2 den Tax and Duty Manual Part 04A-01-01A treoir ar fáil maidir leis an bpróiseas do gach cineál eintiteas atá ar fáil le roghnú.

Céim 3: Roghnaigh an chéad bhliain fhioscach

Ag an gcéim seo, ní mór don eintiteas atá ag clárú an chéad bhliain fhioscach a chur isteach a bhaineann le cánacha Cholún a Dó.

Cuireann Alt 3.3 den Tax and Duty Manual Part 04A-01-01A treoir ar fáil don chéim seo.

Céim 4: Sann ról tíolactha TIR

I gCéim 4, féadann eintiteas róil tíolactha an Tuairisceáin Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR) a shannadh.

Cuireann Alt 3.4 den Tax and Duty Manual Part 04A-01-01A treoir ar fáil faoi gach ceann de na roghanna éagsúla.

Céim 5: Roghnú an ghrúpa

Sa chéim seo, féadann éintitis atá mar chuid de ghrúpa ilnáisiúnta fiontar nó de ghrúpa mórscála intíre roghnú a bheith mar bhall de ghrúpa faoi Rial maidir le híocaíochtaí Faoi Thearc-Cháin (RÍFTC) agus, nó, de ghrúpa Cáin Breisiúcháin Náisiúnta Cháilithe (CBNC).

Cuireann Alt 3.5 den Tax and Duty Manual Part 04-01-01A treoir ar fáil maidir leis an bpróiseas roghnaithe grúpa.

Céim 6: Iarratas a thíolacadh

Chun an próiseas clárúcháin a chur i gcrích, ní mór na hiarratais ar chlárú cánach a roghnaíodh i gcéimeanna 1 - 5 a chur isteach.

Cuireann Alt 3.6 den Tax and Duty Manual Part 04-01-01A treoir ar fáil maidir leis an gcéim seo.

Ar aghaidh: Sraith faisnéise maidir le clárúchán do Cholún a Dó