Clárú le haghaidh Colún a Dó

Léargas ginearálta

I measc rialacha Cholún a Dó tá Riail maidir le Cuimsiú Ioncaim (RCI) agus Riail maidir le hÍocaíochtaí Faoi Thearc-Cháin (RÍFTC). Ceadaíonn na rialacha freisin do dhlínsí Cánach Breisiúcháin Náisiúnta Cháilithe (CBNC) a thabhairt isteach.

Ní mór d'eintitis atá lonnaithe in Éirinn clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim má tá siad faoi réir an méid seo a leanas:

Is féidir le heintitis laistigh den raon feidhme Seirbhísí ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid chun clárú le haghaidh Colún a Dó.

 

Is é 12 mhí tar éis dheireadh a mbliana fioscach an spriocdháta le haghaidh clárúcháin d'eintitis atá laistigh den raon feidhme. Mar eisceacht, bhí sé riachtanach d’eintitis laistigh den raon feidhme ar chríochnaigh a gcéad bhliain fhioscach in 2024 clárú faoin 31 Nollaig 2025. Cuireadh síneadh leis an spriocdháta sin go dtí an 28 Feabhra 2026 ina dhiaidh sin. 

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Príomhdhátaí agus nuashonruithe.

Ar aghaidh: Ag ullmhú clárúchán le haghaidh Colún a Dó