Príomhdhátaí agus nuashonruithe

Clárúchán

Is féidir le heintitis laistigh den raon feidhme Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid chun clárú do Cholún a Dó.

Is é an spriocdháta le haghaidh clárúcháin d'eintitis laistigh den raon feidhme ná 12 mhí tar éis dheireadh a gcéad bhliana fioscach. Mar eisceacht, ceanglaíodh ar eintitis laistigh den raon feidhme ar chríochnaigh a gcéad bhliain fhioscach i 2024 clárú faoin 31 Nollaig 2025. Cuireadh síneadh leis an spriocdháta sin go dtí an 28 Feabhra 2026 ina dhiaidh sin.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Clárú le haghaidh Colún a Dó.

Íoc agus tíolaic

Tá na forbairtí TF riachtanacha chun tuairisceán a thíolacadh agus dliteanais ghaolmhara a íoc ar fáil anois ar ROS. Cuireann sé seo ar chumas eintitis an chéad spriocdháta pá agus tíolactha de chuid Cholún a Dó, an 30 Meitheamh 2026, a chomhlíonadh.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Ag Ullmhú do Cholún a Dó agus  Íoc agus Tíolaic le haghaidh Colún a Dó.

Tuairisceán faisnéise cánach breisiúcháin (TIR)

Tá na forbairtí TF riachtanacha a theastaíonn chun an Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR) a thíolacadh ar fáil anois ar ROS. Cuireann sé seo ar chumas eintitis an chéad spriocdháta tíolactha TIR a chomhlíonadh, an 30 Meitheamh 2026.

Tá timpeallacht tástála curtha ar fáil ag na Coimisinéirí Ioncaim chun cabhrú le comhdóirí lena n-ullmhúcháin tíolactha TIR. Tá user guide foilsithe againn freisin mar chabhair bhreise. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach:

Pacáiste Taobh le Taobh

Ar an 5 Eanáir 2026, cheadaigh agus ghlac an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus Creat Cuimsitheach G20 maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabús le pacáiste Taobh le Taobh le haghaidh Colún a Dó. Áirítear sa phacáiste Taobh le Taobh:

  • córas Taobh le Taobh ina leagtar amach rialacha chun na córais íosta cánach atá ann cheana a éascú
  • bearta simpliúcháin
  • athruithe ar an gcaoi a gcaitear le dreasachtaí cánach bunaithe ar shubstaint.

Tá an pacáiste ar fáil ar shuíomh idirlín an ECFE.

Ar an 12 Eanáir 2026, d'fhoilsigh An Coimisiún Eorpach Fógra ón gCoimisiún C/2026/253. Aithnítear san fhógra seo pacáiste Taobh le Taobh de chuid ECFE agus deimhnítear an cur chun feidhme  i gcomhthéacs  Treoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle (An Treoir Íosta Cánach).

Aitheantas don Chipir mar dhlínse cháilithe RCI

Ar an 29 Bealtaine 2026, shoiléirigh an Coimisiún Eorpach gur cheart do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) déileáil leis an gCipir amhail go bhfuil Riail um Chuimsiú Ioncaim (RCI) cáilithe i bhfeidhm acu.

Ba chóir d'Fhiontair Ilnáisiúnta (FINanna) an seasamh seo a ghlacadh sa TIR atá le tíolacadh faoin 30 Meitheamh 2026. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach suíomh idirlín an Choimisiúin Eorpaigh.

Comhthuiscint maidir le dlínsí a chuireann Colún a Dó i bhfeidhm ó 2024 ar aghaidh

De réir mar atá an spriocdháta tíolactha TIR nó GIR ag druidim linn, táthar ag súil go mb'fhéidir nach mbeidh tairseach tíolactha lánfheidhmiúil ag roinnt dlínsí atá ag cur Colún a Dó i bhfeidhm ó 2024. Ina theannta sin, d'fhéadfadh sé nach mbeadh cinnteacht ag grúpaí FIN maidir le gníomhachtú comhaontuithe malartaithe áirithe  faoin spriocdháta TIR/GIR.

D'fhoilsigh an ECFE paper ar an 18 Bealtaine 2026 ina leagtar amach cur chuige coiteann atá á ghlacadh ag roinnt dlínsí chun éiginnteacht a mhaolú. Tá Éirinn ag glacadh leis an gcur chuige coiteann seo.  Faoin gcur chuige seo, ní chuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim tíolacthaí áitiúla i bhfeidhm ar feadh tréimhse sé mhí ón spriocdháta tíolactha má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

  • Má thíolactar TIR nó GIR go lárnach i gceann de na dlínsí atá san Iarscríbhinn a ghabhann le paper an ECFE.
  • Faigheann na Coimisinéirí Ioncaim an fhaisnéis ábhartha ón dlínse sin laistigh de shé mhí ón spriocdháta tíolactha.
  • Tá a n-oibleagáidí fógra um thíolacóir in Éirinn comhlíonta ag an ngrúpa FIN.

Beidh feidhm ag an gcur chuige coiteann seo sa chás nach bhfuil an spriocdháta tíolactha TIR nó GIR níos déanaí ná an 31 Nollaig 2026 .