Ag ullmhú do Cholún a Dó

Léargas ginearálta

I measc rialacha Cholún a Dó tá Riail maidir le Cuimsiú Ioncaim (RCI) agus Riail maidir le hÍocaíochtaí Faoi Thearc-Cháin (RÍFTC). Ceadaíonn an riail do dhlínsí Cáin Bhreisiúcháin Náisiúnta Cháilithe (CBNC) a thabhairt isteach. Foráiltear sa reachtaíocht i gCuid 4A den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 (TCA 1997) do thrí cháin:

  1. Cáin bhreisiúcháin RCI.
  2. Cáin bhreisiúcháin RÍFTC.
  3. Cáin bhreisiúcháin náisiúnta.

Mar gheall ar chastacht rialacha Cholún a Dó, tá sé tábhachtach tuiscint a fháil ar an gcaoi a mbaineann na rialacha seo leat mar eintiteas laistigh den raon feidhme.

Ar aghaidh: Breithniúcháin maidir le hullmhúcháin tosaigh