Ag ullmhú do Cholún a Dó

Clárúchán do Cholún a Dó

Mar eintiteas laistigh den raon feidhme, ní mór duit clárú do na cánacha ábhartha i gColún a Dó agus don Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR). Ní mór duit clárú laistigh de 12 mhí ó dheireadh na chéad bhliana fioscach a bhfuil tú laistigh den raon feidhme.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le clárú le haghaidh cánacha Cholún a Dó, féach Clárú do Cholún a Dó.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an TIR, féach an Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR).

Nuair atá clárúcháin Cholún a Dó á gcomhlánú, d'fhéadfadh grúpaí MNE agus grúpaí mórscála intíre a mheas gur cuí grúpa CBNC nó grúpa RÍFTC a bhunú. Ligfidh sé seo don ghrúpa leas a bhaint as próisis shimplithe tíolactha agus íocaíochta cánach. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le tíolacthaí agus íocaíochtaí cánach, féach Íoc agus Tíolaic le haghaidh Colún a Dó.