Ag ullmhú do Cholún a Dó

Cáin bhreisiúcháin a ríomh

Ba chóir duit na céimeanna thíos a choinneáil ar intinn agus tú ag ullmhú do ríomh cánach breisiúcháin:

  1. Ioncam nó caillteanas cáilitheach gach eintiteas sa ghrúpa a chinneadh.
  2. Sainaithin na cánacha atá clúdaithe, agus na cánacha coigeartaithe atá clúdaithe, do gach eintiteas sa ghrúpa.
  3. Ríomh an ráta cánach éifeachtach (ETR) an dlínse do Cholún a Dó.
  4. Smaoinigh ar an gcaoi a bhféadfadh an t-eisiamh ioncaim bunaithe ar shubstaintí tionchar a imirt ar aon ioncam cáilitheach dlínse agus cáin bhreisiúcháin.
  5. Sainaithin na cánacha breisiúcháin i gColún a Dó a bhféadfadh gach eintiteas a bheith faoi dhliteanas ina leith.
  6. Sainaithin an t-eintiteas tíolactha do gach cáin bhreisiúcháin.

Ar aghaidh: Clárúchán do Cholún a Dó