Ag ullmhú do Cholún a Dó

Breithniúcháin tíolactha

Sula ndéantar Tuairisceán Cholún a Dó a thíolacadh, ba chóir do ghrúpaí agus d'eintitis atá faoi raon feidhme an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Cinntigh go bhfuil gach clárúchán ábhartha i gColún a Dó déanta go hiomlán agus ceart.
  • Déan cinnte den dáta dlite nuair is gá tuairisceáin a thíolacadh.
  • Sainaithin cén eintiteas atá chun an tuairisceán/na tuairisceáin a thíolacadh.
  • Ceap tíolacóir grúpa don ghrúpa Cánach Breisiúcháin Náisiúnta Cháilithe (CBNC) nó don ghrúpa Riail maidir le híocaíochtaí Faoi Thearc-Cháin (RÍFTC), más infheidhme.
  • Ceap an t-eintiteas áitiúil ainmnithe, nó an t-eintiteas tíolactha, más infheidhme.
  • Déan do mheas ar fhorálacha tearmainn atá infhaighte.
  • Bailigh na sonraí airgeadais agus cánach go léir a theastaíonn le haghaidh ríomhanna.
  • Déan cinnte gur féidir leat an Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR) a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim i bhformáid XML le pé bogearra atá in úsáid agat.
  • Tabhair dóthain ama chun riachtanais tíolactha Cholún a Dó a chomhlánú faoi na spriocdhátaí tuairisceáin ábhartha, nó roimh am. 

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Íoc agus Tíolaic le haghaidh Colún a Dó agus Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR).

Ar aghaidh: Cáin bhreisiúcháin a ríomh