Íoc agus tíolaic le haghaidh Colún a Dó

Léargas ginearálta

I measc rialacha Cholún a Dó tá Riail um Chuimsiú Ioncaim (RCI) agus Riail maidir le hÍocaíochtaí Faoi Thearc-Cháin (RÍFTC). Ceadaíonn na rialacha freisin do dhlínsí Cáin Bhreisiúcháin Náisiúnta Cháilithe (CBNC) a thabhairt isteach.

Ní mór d'eintitis atá lonnaithe in Éirinn clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim má tá siad faoi réir an méid seo a leanas:

Ní mór do gach eintiteas atá cláraithe le haghaidh aon cheann de na cánacha thuas an tuairisceán nó féinmheasúnú gaolmhar a thíolacadh agus íocaíochtaí cánacha atá dlite a dhéanamh. Ní mór é seo a dhéanamh taobh istigh de 15 mhí ó dheireadh na bliana fioscacha. Tá síneadh curtha leis an tréimhse seo go 18 mí don chéad bhliain fhioscach a bhfuil an t-eintiteas faoi raon feidhme.

Tá tuairisceáin Cholún a Dó ar fáil trí ROS.

Ar aghaidh: Riail um Chuimsiú Ioncaim (RCI)