Íoc agus tíolaic le haghaidh Colún a Dó

Riail maidir le hÍocaíochtaí Faoi Thearc-Cháin (RÍFTC)

Ní mór d'eintitis ábhartha atá faoi réir na cánach breisiúcháin RÍFTC, tuairisceán RÍFTC agus féinmheasúnú a thíolacadh agus an cháin atá dlite a íoc. Ní mór é seo a dhéanamh taobh istigh de 15 mhí ó dheireadh na bliana fioscacha. Tá síneadh curtha leis an tréimhse seo go 18 mí don chéad bhliain fhioscach a bhfuil an t-eintiteas faoi raon feidhme.

D'fhéadfadh feidhm a bheith ag socruithe tuairiscithe simplithe i ndáil leis an gcáin bhreisiúcháin RÍFTC. Féadfaidh gach comheintiteas de ghrúpa Ilnáisiúnta Fiontar (FIN) atá faoi réir cánach breisiúcháin RÍFTC a roghnú grúpa RÍFTC a bhunú.

Ní mór do bhaill an ghrúpa RÍFTC ball amháin a cheapadh le bheith ina thíolaiceoir grúpa RÍFTC. Ní mór do thíolacóir an grúpa RÍFTC tuairisceán RÍFTC a ullmhú agus a thíolacadh i leith gach ball den ghrúpa RÍFTC don bhliain fhioscach. Tá na socruithe céanna íoca agus tíolactha i bhfeidhm amhail is dá mba eintiteas aonair a thíolaic an tuairisceán.

Is é an chéad spriocdháta Íoca agus íiolactha ná an 3o Meitheamh 2026. Féadfaidh eintitis íoc agus tíolacadh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Príomhdhátaí agus nuashonruithe.

Féadtar a fháil amach cé na sonraí is gá a thuairsciú trí athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfoirm RÍFTC shamplach.

Ar aghaidh: An próiseas tíolactha tuairisceáin do Cholún a Dó