Íoc agus tíolaic le haghaidh Colún a Dó

Cáin Bhreisiúcháin Náisiúnta Cháilithe (CBNC)

Ní mór d'eintitis Éireannacha atá faoi réir cánach breisiúcháin intíre féinmheasúnú tuairisceáin CBNC a thíolacadh agus an cháin atá dlite a íoc. Ní mór é seo a dhéanamh taobh istigh de 15 mhí ó dheireadh na bliana fioscacha. Tá síneadh curtha leis an tréimhse seo go 18 mí don chéad bhliain fhioscach a bhfuil an t-eintiteas faoi raon feidhme.

D'fhéadfadh feidhm a bheith ag socruithe tuairiscithe simplithe i ndáil leis an gcáin bhreisiúcháin náisiúnta. Féadtar grúpa CBNC a bhunú le toghchán trí:

  • gach comheintiteas de ghrúpa FIN,
  • gach comheintiteas de ghrúpa mórscála intíre
  • an comhfhiontar, móide na cleamhnaithe comhfhiontair go léir de chomhfhiontar.

Ní mór do bhaill an ghrúpa CBNC ball amháin a cheapadh le bheith ina thíolaiceoir grúpa CBNC. Ní mór do thíolacóir an ghrúpa CBNC Tuairisceán CBNC a ullmhú agus a thíolacadh i leith gach ball den ghrúpa CBNC don bhliain fhioscach. Tá na socruithe céanna íoca agus tíolactha i bhfeidhm amhail is dá mba eintiteas aonair a thíolaic an tuairisceán.

Is é an chéad spriocdháta Íoca agus íiolactha ná an 3o Meitheamh 2026. Féadfaidh eintitis íoc agus tíolacadh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Príomhdhátaí agus nuashonruithe.

Féadtar a fháil amach cé na sonraí is gá a thuairsciú trí athbhreithniú a dhéanamh ar an bhFoirm CBNC1 Shamplach.

Ar aghaidh: Riail maidir le hÍocaíochtaí Faoi Thearc-Cháin (RÍFTC)