Íoc agus tíolaic le haghaidh Colún a Dó

An próiseas tíolactha tuairisceáin do Cholún a Dó

Ní mór d'eintitis atá cláraithe le haghaidh cánacha Cholún a Dó na tuairisceáin ábhartha a thíolacadh agus an cháin atá dlite a íoc trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Nuair atá tú logáilte isteach ar ROS, leanann an próiseas tíolactha agus íoca do Cholún a Dó cur chuige céim ar chéim.

Tuairisceáin agus íocaíochtaí (gan grúpa a chruthú)

Baineann na céimeanna seo a leanas le grúpa Fiontar Ilnáisiúnta (MNE), grúpa mórscála intíre nó grúpa comhfhiontair nár chruthaigh:

  • GrúpaíCBNC
  • agus, nó
  • Grúpa RÍFTC.
  1. Logáil isteach ar ROS agus téigh chuig an gcluaisín Tíolaic Tuairisceán.
  2. Cliceáil ar ‘Comhlánaigh Foirm ar Líne’. Ní mór tuairisceáin Cholún a Dó a chomhlánú ar líne, níl aon rogha as líne ann.
  3. Roghnaigh an cineál tuairisceáin cánach breisiúcháin atá le tíolacadh: RCI, RÍFTC nó CBNC.
  4. Roghnaigh bliain na tréimhse tíolactha don tuairisceán. 
  5. Cuir isteach méid na cánach breisiúcháin atá iníoctha agus cuir in iúl má tá amhras dáiríre ann maidir le cur chun feidhme an dlí i dtaca le gné den tuairisceán.
  6. Seiceáil achoimre an tuairisceáin, tíolaic an tuairisceán agus íoc méid na cánach breisiúcháin.

Cuireann Alt 4 den Tax and Duty Manual Part 04A-10-03 treoir ar fáil maidir leis na céimeanna seo.

Tuairisceáin agus íocaíochtaí (grúpa cruthaithe)

Baineann na céimeanna seo a leanas le grúpa MNE, grúpa mórscála intíre nó grúpa comhfhiontar a chruthaigh grúpa CBNC agus/nó grúpa RÍFTC.

Ní mór duit a chinntiú go bhfuil an grúpa ábhartha bunaithe sular féidir leis an tíolacóir grúpa ceaptha tuairisceán grúpa cánach breisiúcháin a thíolacadh thar ceann:

  • Grúpa CBNC
  • Grúpa RÍFTC.
  1. Ba cheart don tíolacóir grúpa logáil isteach ar ROS agus dul chuig an gcluaisín Tíolaic Tuairisceán.
  2. Cuir tús le foirm nua ar líne agus roghnaigh an cineál cánach i gColún a Dó agus tréimhse ábhartha tíolactha don tuairisceán.
  3. Cuir isteach méid cháin bhreisiúcháin an ghrúpa atá iníoctha agus cuir in iúl má tá amhras dáiríre ann maidir le cur chun feidhme an dlí i dtaca le gné den tuairisceán.
  4. Seiceáil achoimre an tuairiceáin, tíolaic an tuairisceán agus íoc suim na cánach breisiúcháin atá ag an ngrúpa.

Cuireann Alt 5 den Tax and Duty Manual Part 04A-10-03 treoir ar fáil maidir leis na céimeanna seo.