Íoc agus tíolaic le haghaidh Colún a Dó

Riail um Chuimsiú Ioncaim (RCI)

Ní mór do mháthaireintitis ábhartha atá faoi réir na cánach breisiúcháin RCI Tuairisceán RCI agus féinmheasúnú a thíolacadh agus an cháin atá dlite a íoc. Ní mór é seo a dhéanamh taobh istigh de 15 mhí ó dheireadh na bliana fioscacha. Tá síneadh curtha leis an tréimhse seo go 18 mí don chéad bhliain fhioscach a bhfuil an t-eintiteas faoi raon feidhme.

Is é an chéad spriocdháta Íoca agus Tíolactha ná an 30 Meitheamh 2026. Féadfaidh eintitis íoc agus tíolacadh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Príomhdhátaí agus nuashonruithe.

Féadtar a fháil amach cé na sonraí is gá a thuairsciú trí athbhreithniú a dhéanamh ar an bhFoirm Shamplach IIR1.

Ar aghaidh: Cáin Bhreisiúcháin Náisiúnta Cháilithe (CBNC)