Ag ullmhú do Cholún a Dó

Breithniúcháin maidir le hullmhúcháin tosaigh

Cabhróidh na céimeanna thíos leat ullmhú do chomhlíonadh Cholún a Dó. Níl na céimeanna seo uileghabhálach agus ní chuimsíonn siad na nithe go léir a chaithfidh tú a chur san áireamh maidir le conas a bhaineann rialacha Colún a Dó leat.

  1. Déan cinneadh an bhfuil an grúpa fiontair ilnáisiúnta (MNE), an grúpa mórscála intíre, nó an t-eintiteas neamhspleách, faoi raon feidhme rialacha Colún a Dó.
  2. Oibrigh amach má tá feidhm le forálacha tearmainn nó díolúintí.
  3. Faigh amach cad iad na spriocdhátaí clárúcháin agus tíolactha ábhartha do Cholún a Dó.  
  4. Sainmhínigh róil tíolactha na n-eintiteas laistigh den ghrúpa MNE nó den ghrúpa mórscála intíre. 
  5. Sainaithin sonraí airgeadais agus cánach a theastaíonn chun an Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR) a chomhlánú.

Sainmhíniú

Is éard is 'foráil tearmainn' ann ná foráil a mhaolaíonn an t-ualach riaracháin ar ghrúpaí laistigh den raon feidhme, go háirithe sa tréimhse tosaigh de chur chun feidhme  rialacha Cholún a Dó.

Molann na Coimisinéirí Ioncaim duit clár d'eintitis Cholún a Dó laistigh de do ghrúpa a choinneáil. Cabhróidh sé leat oibleagáidí comhlíontachta cánach agus tíolactha a aithint do na cineálacha éagsúla eintiteas i do ghrúpa amhail:

  • Máthaireintitis Deiridh.
  • Máthaireintitis idirmheánacha.
  • Máthaireintitis faoi úinéireacht pháirteach.
  • Comheintitis.
  • Comhfhiontair.
  • Eintitis áitiúla ainmnithe.
  • Eintitis tíolactha ainmnithe.

Ar aghaidh: Breithniúcháin tíolactha