Faoiseamh le haghaidh Cluichí Digiteacha

Éileamh a dhéanamh ar an gcreidmheas cánach

Chun an faoiseamh a éileamh, ní mór don chuideachta deimhniú cultúrtha eatramhach nó deiridh i dtaca leis an cluiche digiteach a bheith acu. Eisíonn an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán na deimhnithe.

Féadann cuideachtaí cur isteach ar dheimhniú eatramhach roimh, nó le linn, forbairt an chluiche dhigiteach. Eiseoidh an tAire an deimhniú eatramhach má tá sé sásta, agus an cluiche digiteach críochnaithe, go:

  • gcomhlíonfaidh sé an critéir incháilithe
  • agus
  • sásóidh sé an tástáil chultúir. 

Nuair a eisítear deimhniú cultúrtha eatramhach, féadfaidh an comhlacht faoiseamh eatramhach a éileamh ar bhonn bliantúil. 

Ar chluiche digiteach a chríochnú, féadann an cuideachta iarratas a dhéanamh leis an Aire chun deimhniúchán deiridh a bhaint amach. Eiseoidh an tAire an deimhniú deiridh má tá sé sásta go:

  • gcomhlíonann an cluiche digiteach an critéir incháilithe
  • agus
  • sásaíonn an cluiche digiteach an tástáil chultúir. 

Má eisíodh deimhniú eatramhach, ní mór don chuideachta aon choinníollacha sa dheimhniú sin a chloí  Mura gcloítear leis na coinníollacha, ní eiseofar an deimhniú deiridh.

Más rud é nach gcríochaítear an cluiche digiteach, nó nach gcloítear leis na coinníollacha uile, tarraingeofar an faoiseamh cánach eatramhach atá eilithe siar.

Nuair atá an deimhniú deiridh eisithe, féadann an cuideachta an Creidmheas Cánach Corparáide le haghaidh cluichí digiteacha a éileamh. Is é seo méid iomlán an fhaoisimh atá dlite, lúide aon suimeanna atá éileamh déanta orthu cheana féin. 

Tá roinnt coinníollacha ann nach mór don chuideachta a shásamh roimh éileamh a dhéanamh. Tá coinníollacha maidir le comhlíontacht chánach agus taifead a choinneáil san áireamh leis seo. Beidh aon suimeanna neamhúdaraithe a éilíodh faoi réir aisghlámadh. Féadfaidh sé go ngearrfaí ús agus pionóis chomh maith.

Ar aghaidh: Tairbhithe an Fhaoisimh Cluichí Digiteacha