Faoiseamh le haghaidh Cluichí Digiteacha

Caiteachas

Is éard is 'caiteachas cáilitheach' ann ná caiteachas a thabhaigh comhlacht i leith cluiche digiteach a dhearadh, tháirgeadh agus thástáil. Tá sé teoranta do na cineálacha costais seo a leanas: 

  • costais fostaíochta
  • costais ar threalamh
  • míreanna intomhalta agus cearta maoine intleachtúla
  • agus
  • íocaíochtaí an fhochonraitheora suas le €2,000,000.

Ní áirítear leis seo:

  • Caiteachas i leith coincheap tosaigh an chluiche dhigitigh a dhearadh
  • Caiteachas i leith cluiche digiteach críochnaithe a dhífhabhtú nó aon chothabháil a dhéantar ar chluiche digiteach críochnaithe
  • agus
  • Caiteachas ar íocaíochtaí le fochonraitheoirí de níos mó ná €2,000,000. 

Tá gach costas maidir le maoiniú ó fhoinse eile, amhail deontas, eisiata ón gcreidmheas.  

Ciallaíonn 'caiteachas incháilithe' an chuid den chaiteachas cáilitheach caite in Éirinn nó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE). 

Is éard atá sa chreidmheas do gach cluiche digiteach ná 32% de cibé acu is lú den mhéid seo:

  • caiteachas incháilithe
  • 80% d’iomlán an chaiteachais cháilithigh
  • €25 milliún. 

Ní mór do shuim an chaiteachais cháilithigh a bheith ar a laghad €100,000.

Ar aghaidh: Éileamh a dhéanamh ar an gcreidmheas cánach