Ríomhphoist chalaoiseacha, SMS (teachtaireachtaí téacs) agus glaonna fóin
Glaonna calaoiseacha agus gníomhairí cánach nó comhairleoirí cánach calaoiseacha
Moltaí maidir le glaonna fóin
Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim gloach ort ar chúiseanna dlisteananacha, ach ní iarrfaidh muid ort riamh d'fhaisnéis airgeadais a thabhairt dúinn, lena n-áirítear sonraí cuntais bainc, uimhreacha cártaí, nó pasfhocail. Chun do shonraí a chosaint, fíoróimid d'aitheantas ar dtús trí úsáid a bhaint as faisnéis eile a chuir tú ar fáil dúinn. Má fhaigheann tú glao gan choinne ag lorg sonraí airgeadais uait, is camscéim atá ann. Cuir deireadh leis an nglao láithreach.
Féadfaidh na glaoiteoirí seo sonraí do chuntas leis na Coimisinéirí Ioncaim, do bhainc nó do chárta a iarraidh. Níor chóir duit na sonraí seo a thabhairt má fhaigheann tú glao gutháin gan choinne.
Mura bhfuil tú cinnte go bhfuil glaoiteoir a mhaíonn gur ó na Coimisinéirí Ioncaim é dlisteanach, ba cheart duit crochadh suas. Féadtar dul i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim ansin trí úsáid a bhaint as M’Fhiosruithe nó ar an leathanach Déan Teagmháil linn le leanúint suas. Ná húsáid uimhir theileafóin a tugadh duit riamh i ríomhphost nó glao amhrasach.
Moltaí má tá gníomhairí cánach nó comhairleoirí cánach á n-úsáid agat nó má tá tú ag smaoineamh ar iad a úsáid
Ní iarrfaidh gníomhaire creidiúnach sonraí logála isteach do chuntais phearsanta leis na Coimisinéirí Ioncaim (moChúrsaí, ROS, CMÁ) ort riamh, ná do chód fíorúcháin aonuaire . Is comhartha calaoise féideartha é iarratas de sórt sin.
Tá feidhmchlár slán ríomhnasctha le gníomhairí agus comhairleoirí ag na Coimisinéirí Ioncaim. Feabhsaíonn an fheidhmchlár seo slandáil dhigiteach trí ghníomhairí agus a gcliaint a chosaint ó bhradaíl aitheantais. Leis an bhfeidhmchlár ríomhnasctha le gníomhairí, bunaítear córas ceadaithe digiteach do chustaiméirí na Coimisinéirí Ioncaim atá cláraithe le córais ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim agus atá gníomhach orthu.
Más mian leat go ndéanfadh gníomhaire ionadaíocht duit, ba cheart duit an córas seo a úsáid chun iad a cheapadh. Ní theastaíonn an pasfhocal atá agat leis na Coimisinéirí Ioncam uathu chun ionadaíocht a dhéanamh ar do shon. Má lorgaíonn an pasfhocal atá agat leis na Coimisnéirí Ioncaim, ba cheart duit diúltú dóibh.
Tá tuilleadh sonraí ar fáil ar an leathanach ríomhnascadh le gníomhaire agus comhairleoir.