Duine Ainmnithe i leith Siarchoinneáil (DW)

An ceann acu seo a leanas thú:
- Príomhchonraitheoir le haghaidh Cánach Conarthaí Iomchuí (CCI).
- Duine cuntasach i leith Cáin Iarchoimeádta ar Sheirbhísí Gairmiúla (CISG).
- Oibreoir ardáin, sa gcás go n-éascaíonn d'ardán seirbhísí in aon earnáil agus go ndéanann an t-oibreoir ardáin an íocaíocht a ródú ó fhaighteoir na seirbhíse chuig an soláthraí seirbhíse.
Más ea, beidh tú i do DW le haghaidh eWHT.
Cad a chaithfidh an DW a dhéanamh?
Beidh ar an DW an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Fógra a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim roimh ré maidir le híocaíocht a dhéanamh le Duine Sonraithe (SP).
- Ráta iarchoimeádta a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim a chuirfear i bhfeidhm ar an íocaíocht.
- Cuir an ráta i bhfeidhm ar an íocaíocht atá le déanamh leis an SP.
- Cáin a choinneáil siar ón íocaíocht leis an SP.
- An cháin iarchoimeádta a chur ar aghaidh chuig na Coimisinéirí Ioncaim.
Cén chaoi a n-oibreoidh sé seo?
- Tá sé beartaithe go ndéanfar cumarsáid idir na Coimisinéirí Ioncaim agus an DW trí shraith Comhéadain Feidhmchláir (APIanna). Malartú sonraí fíor-ama a bheidh ann idir córais na gCoimisinéirí Ioncaim agus córas TF an DW.
- Ciallaíonn API go n-idirghníomhóidh do chóras TF gan uaim leis na Coimisinéirí Ioncaim. Íoslaghdóidh sé seo an t-ualach oibríochtúil agus riaracháin duit.
- Tiomsóidh na Coimisinéirí Ioncaim do thuairisceán míosúil bunaithe ar an malartú faisnéise seo agus is féidir leat glacadh leis nó leasú a dhéanamh, más gá.
- Beidh Gníomhairí Cánach in ann na feidhmeanna seo a chomhlíonadh thar ceann a gcliaint.