Tuairisciú digiteach

Ceanglais tuairiscithe ríomhshonrasctha intíre

Trí ríomhshonrascadh intíre a chur i bhfeidhm, tabharfar isteach ceanglais tuairiscithe do ghnólachtaí a bhfuil dualgas orthu ríomhshonraisc a eisiúint. Ní bheidh feidhm ag na ceanglais tuairiscithe ríomhshonrasctha intíre maidir le custaiméirí, ní bheidh feidhm acu ach leis an soláthróir. Tá an cur chuige seo difriúil ón tionscnamh ViDA, áit a gceanglaítear ar sholáthraí agus ar chustaiméir sonraí an idirbhirt a thuairisciú dá n-údarás cánach.

Tá na sonraí maidir le cén uair is gá do ghnólacht tuairisciú a dhéanamh ar a n-idirbhearta intíre gnó le gnó ar fáil ar ár leathanach Céimeanna cur chun feidhme.

Ar aghaidh: Ceanglais tuairiscithe ViDA