Tuairisciú digiteach
Ceanglais tuairiscithe ViDA
Tugtar isteach ríomhshonrascadh agus tuairisciú digiteach le tionscnamh CBL sa Ré Dhigiteach (ViDA) an Aontais Eorpaigh (AE) le haghaidh idirbhearta trasteorann ó ghnó go gnó (B2B) laistigh den AE ón 1 Iúil 2030.
Is iad seo a leanas na príomhghnéithe den tuairisciú digiteach le haghaidh ViDA:
- Ní mór do sholáthraithe ríomhshonraisc struchtúrtha a eisiúint laistigh de 10 lá ó idirbheart
- agus
- fo-thacar de shonraí ríomhshonrasctha a thuairisciú dá n-údarás cánach náisiúnta ag an am céanna a sheoltar an ríomhshonrasc.
Ní mór do chustaméirí ríomhshonrasc a fhaightear a thuairisciú laistigh de 5 lá tar éis dóibh é a fháil.
Tiocfaidh tabhairt isteach ViDA in ionad na dtuairisceán achoimre tréimhsiúil nó a dtuairisceán achoimre VIES (Córas Malartaithe Faisnéise CBL) le haghaidh trádáil laistigh den AE.
Ar an 1 Iúil 2030, tiocfaidh an tuairisciú digiteach gar d'fhíor-am i bhfeidhm maidir le hidirbhearta trasteorann ó ghnó go gnó (B2B) san AE, do sholáthraithe agus do chustaiméirí araon. Chun leas a bhaint as an gcóireáil CBL 0% le haghaidh soláthairtí laistigh den ‑AE tar éis an 1 Iúil 2030, ní mór do ghnólachtaí na hoibleagáidí seo a chomhlíonadh.
Liosta seoltaí
Cláraigh lenár liosta seoltaí chun an t-eolas agus nuashonraithe is déanaí go léir a fháil maidir le cur chun feidhme ríomhshonrasctha in Éirinn